17. Údar an ainm “Na Foiriúin Bháite”
Peadar Ó Ceannbháin, Bantrach Ard, Cill Chiaráin
Bhí áit eile a dtugaidís "Na Foiriúin" air - dhá charraig bháite. Théidís faoi ar thaoille an-mhór. B’áit é a dtéidís fadó ag baint creathnach. Fásann an chreathnach — nó mar a thugann daoine air duileasc — ann. D'fhásadh creathnach go leor ar no Foiriúin agus ar DhubhLeac agus ar Charraig na Meacan.
Nuair a bhí an trá ann, chuadar, na mná, isteach ag baint no creathnaí seo, nó an duileasc. Cuireadh isteach iad i mbád agus cuireadh na fir i dtír ar na carraigreacha iad. Ansin, chuaigh siadsan ag iascach chúns a bhí na mná ag baint na creathnaí. D'imíodar b'fhéidir amach ins an gcaoláire.
D'éirigh an fharraige an-gharbh agus nuair a tháinigeadar ar ais, [is] ansin a bhí an fharraige oibrithe timpeall na gcarraigreacha seo agus ní rabhadar in ann a dhul i dtír mar go raibh maidhmeacha tanaí timpeall air. Níorbh fhéidir iad a shábháil mar ní raibh an bad in ann a dhul go dtei iad.
Áit thanaí fhiaín é a bhí an-chontúirteach le hoibriú farraige. Nuair a d'ardaigh an taoille, chuaigh na carraigreacha faoi agus na mná ar na carraigreacha. Bhíodar ag breathnú, taobh amuigh den oileán orthu agus iad á mbáthadh. Agus sin é an t-údar riamh ó shin gur tugadh na Foiriúin Bháite orthu.